Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 210
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí Ríogh ins na Frainnce am amháin. An chead mac a bhí aige tháinig fathach as an domhain thoir agus sgiob sé leis amach as an cliabhain é nuair a bhí sé bliadhan d'aois.”
(ar lean ón leathanach roimhe)a chuaidh siad fhad leis na Frainnce bhí an fathach a ghoid na paisdí istoigh rompu. Chuaidh Goll I bhfastodh leis comh luath ‘s chonnaic sé é.
Nuair a chonnaic Fionn go rabh sé ag cur ró chruaidh ar G. sgairt sé ar Neart Mac Neart fear a dubhairt leis go mbeadh sé láidir go leor ag an domhain mhór dá mbéadh sé eadar a dha láimh aige.
Dubhairt Neart Mac Neart go rabh sé annseo agus d’iarr Fionn air tarrthail a thabhairt do Gholl.
Chuaidh sé le Goll agus eadar an bheirt aca rinne siad obair gásta leis an fhathach or mharbhuigh siad é agus chaith siad amach ins an fhairrge é.
Chuaidh Fionn Mac Cumhail annsin isreach annsoir Ríogh na Frainnce agus a 3 mac leis.
Bhí siad aige glan sabhailte anois. Choinnigh sé Fionn Mac(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus A Ghallchobhair
- Inscne
- Fireann