Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 98](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1038%2FCBES_1038_98.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 98
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 98
- XML “Scéal Fhionnbhráid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na gcnoc agus gan mo cuideadh –sa,” ar sise.
“Cé thusa”, ar seisean. “Mise bainrioghan na sidheógaí”, ar sise.
“Ní gheillim daobhta”, ars Doragán, agus thug sé iarraidh gabhail isteach ‘sa bhád acht bhuail an bainrioghan buille de’n t-slat ar an charraic agus rinne míle giota díthe agus léim triúr fear amach as an charraic. Bhí achan fear aca fa cúirim troigh go leith ar árd agus éideadh glás arthú cosamhal leis an bhainrioghan. Bhí greim ag an chéad fear ar a chos deis in a láimh dheis. “Sin cos ceangailbce”, ar seisean.
Bhí gunna beag giortach fé’n asgail ag an darna fear. “Sin Aimsiú Fíor”, ar seisean, agus bhí péire builg in a láimh ag an tríomhach fear.
“Sin gala gasta”, ar seisean
D’umhlaigh na fir beaga glasa do’n bhainríoghan agus d’innis sí daobhta go rabh an Prionnsa óg seo ag gabhail go dtí an domhan thoir a bhaint luibh na craoidheachta agus feichidh sibh-se nach mbacann bean críonna na gcnoc leis.
An deireadh a bhí leis d’imthigh sí.- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus Ó Ghallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall