School: Mín Teineadh Dé
- Location:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 271
- XML “Scéal an Ghadaí Dhuibh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí mac aige agus an t-am a rabh an mac ag teacht suas bhí sé treisiúnta go maith. Thug an t-athair foghluim maith don mhac comh maith agus thiocfadh leis a thabhairt dó. Nuair a bhí sé ina fhear óg dubhairt an t-athair leis cibé céird i bhfearr leis go mbéadh sé sásta oiread a chailleadh leis acht é a bhéith ina fhear maith céirde. Seo rogha an mhic. Dubhairt an mac leis na mhiste leis ghul le aon chéird acht na nglacfaidh sé le aon chéird go bráthach acht le gaduidheacht. Nuair a chualaidh an t-athair seo ní rabh sé sásta ar chor ar bith. Bhéadh an t-athair sásta ceird ar leith i nglacfaidh acht le gaduidheacht. Dubhairt an mac go rabh maighistir maith aige a mhuinfeadh do chuile pionnte gaduidheacht agus gurb é sin an Gaduidhe Dubh. D'imthigh sé fhéin leis fhad(continues on next page)