Scoil: Cill Chartha
- Suíomh:
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chartha
- XML Leathanach 268
- XML “Droim na Fiongaile”
- XML “Leitir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)abhain. Nuair a chonnaic Fionn seo bhí eagla air go rachadh sí asteach san abhainn agus go gceapadh sí an tuisge. Thug sé an rása anuas ó mhullach an tsléibhe aniar agus ní rabh ann air go rabh sé in am. Thóg sé cloch eile agus róith sé asteach faoithí, cheap sé í agus tá sí na luighe annsin go dtí an lá indiu.
Leitir.
Tá droichead ar an abhain atá mar teora idir Druimnafionaigle agus Leitir. Ní gan fáth a tugadh Leitir ar an bhaile seo. Tá gach gabháltas ar an bhaile sínte síos le taoibh an chnuic agus an talamh teis. Níl ar an bhaile anois ach naoi dteaglach. Ba le Chlann Uí Dhubghann an cuid as mó de'n baile seo san am a chuaidh thart. Tá tri teaghlaigh de'n chloinn ann go fóil. Tá beirt ar an baile atá os cionn 70 bl. Tá mhuileann coirce agus ceárdtha annseó. Bíonn an muileann ag obair go tréan sa gheimhreadh. Tig coirce ar na ceithre parroistí, Cill Chartha, Gleann Colm Cille, Na Cealla Beaga agus Árd An Rátha fhad leis. Tá Gaedhilg agus Béarla ag muintear an bhaile. - Tá droichead ar an abhain atá mar teora idir Druimnafionaigle agus Leitir. Ní gan fáth a tugadh Leitir ar an bhaile seo. Tá gach gabháltas ar an bhaile sínte síos le taoibh an chnuic agus an talamh teis. Níl ar an bhaile anois ach naoi dteaglach. Ba le Chlann Uí Dhubghann an cuid as mó de'n baile seo san am a chuaidh thart. Tá tri teaghlaigh de'n chloinn ann go fóil. Tá beirt ar an baile atá os cionn 70 bl. Tá mhuileann coirce agus ceárdtha annseó. Bíonn an muileann ag obair go tréan sa gheimhreadh. Tig coirce ar na ceithre parroistí, Cill Chartha, Gleann Colm Cille, Na Cealla Beaga agus Árd An Rátha fhad leis. Tá Gaedhilg agus Béarla ag muintear an bhaile.