Scoil: Cill Chartha

Suíomh:
Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 308

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 308

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chartha
  2. XML Leathanach 308
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tomhaiseanna
    1.
    Tomhais orm tomhais ort
    Caidé 'n dealg a fuair Fionn in dá bhrat
    Ní hú as ní há a's ní cnámh a's ní maide
    a's ní cloch
    Fr. do scáile
    2.
    Lán na páirce de chaorchaibh bána Agus bó mhor dhearg in a measg
    Fr. Na Fiacla agus an teangaidh
    3.
    Teachtaire beag ó theach go teach Bíonn sé amuigh san oidhche
    Fr. Bóthar na casan
    4.
    Do chaith mé suas í comh lán le sneachta
    A's thainic sí anuas 'na ór bhuidhe léighte
    Fr. Ubh
    5.
    Tá bean bheag amuigh annsin
    A's tá sí ro shanntach
    Bearadh beag buff uirthí
    Pluid agus plaincéad
    Fr. Beachóg
    6.
    Shiubhail mé agus fuair mé
    Chuartuigh mé agus ní bhfuair mé
    Dá b'fághainn é chaithfinn uaim é
    'S nuair nar bhfuair mé thug mé liom é
    Fr. Dealg in do chois
    7.
    Siud sa chlúid é agus dhá chéad súl ann
    Fr. Críathar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge