Scoil: Cill Chartha
- Suíomh:
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chartha
- XML Leathanach 340
- XML “Féilí na Bliana - Oíche Fhéile Eoin”
- XML “Féilí na Bliana - Oíche Shamhna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an paidrín ag an teine. Nuair a mbíonn an paidrín ráidte bheireann siad leobhta aibhleóg agus fágann siad ceann ins an chuibhreann phreátai agus ceann an coirce.
- Oidhche Shamhna.
Bíonn rudai gan chiall ag dul ún tosaigh ar an oidhche seo.
Cleasa da n imirt ag buachaillidh agus cailíní le fios a fhághail cé an duine a bheás mar mnaoi na mar fear aca.
Cleas na háithe aoil. Téidheann buachaill na cailín fad le áith aoil, mar tá siad neamh-eaglach go leor le sin a dheánadh, bíonn cearthlinn snáth leo, caitheann siad an cearthlinn síos agus deireann siad “Cé rud shíos ag bun mó shnáithe” Bhéarfaid an té a bhéas mar chéile aca freagair orthú annsin.
Bhí cailín annseo uair amháin agus chuaidh sí amach le ceartlinn, lean duílach i agus chuaidh asteach san áithche sul a dtainig sí fád léithí. Caith sise síos an cearthlinn agus dubhairt “Ce rud shíos ag bun mo shnáithe”. Labhair an duílach a bhí shíos agus ar seisean “Cé bhéadh ann acht Padai ‘n Chárnain”.
Bhí seanduine ar a bhaile a rabh an leasainn sin air.(leanann ar an chéad leathanach eile)