School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 272
- XML “Scéal Eile fán Diabhal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rabh agus shín leobhtha. Fá dheireadh chonnaic siad teach fá fhiota daobhtha. Dubhairt an buachaill go rachadh siad fad leis an teach go bhfaghadh siad loístín na h-oidhche Ní thiofcadh liomsa a ghabhail a chomhair a'toighe sin' arsa an diabhal. 'An bhfeicean tú an loch atá eadrainn agus an teach. Craitheann bunadh an toighe an t-uisce coisreactha i n-uile oidhche sa teach sula a dtéighidh siad a luighe agus tá an t-uisce coisreactha sin mar loch eadar (eadar) mise agus an teach. Sin an fáth nach dtig liom-sa a ghabhail.' Shiubhal leo araist go bhfacaidh siad teach a raibh solas mór taobh amuigh de. Dubhairt an buachaill go bhfaghadh siad lóistín annsin acht dubhairt an diabhal nach dtiocfadh leis a ghabhail a chomhair an toighe, gur dhubhairt siad an Paidrín Páirteach i n-uile oidhche sula dtéidheadh siad a luighe. Tá sin mar teine eadrainn agus an teach sin, arsa an diabhal.
Shiubhail siad leo go bhfacaidh siad an triomhadh teach. Sin teach anois, arsa an diabhal ' a bhfuil muid loístín ann go maidin Níl ins an teach sin ach lánamhaín agus bídh siad i dtólamh ag troid."
Tharraing siad ar an teach agus fuair lóistín go maidín.- Informant
- Seaghan Mac Seaghain
- Gender
- Male
- Age
- 71
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall