School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 271
- XML “Scéal Eile fán Diabhal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seul eile fá'n DiabhalBhí fear ann aon uair amháin agus bhí triúr mac aige. Oidhche amháin bhí baicle fear i dtoigh an fhir seo agus bhí achan fear accau ag innse a scéil féin. Fá dheireadh dubhairt an mac b'óige go n-imtheochad sé leis go bhfuighead sé amach brigh na h-eagla agus brigh an uaignis. Thúsaigh na fir uilig a mhagadh air. Fuair an buachaill bata agus d'imthigh sé leis.
Shiubhail sé leis agus fá dheireadh casadh fear mor ábalta air. Cá bhfuil do thriall arsa an faer mór. "Tá', arsa an buachaill 'tá mé ag imtheacht liom go bhfághaidh mé amach brigh na h-eagla agus brigh an uaignis". Ná gabh níos faide, arsa an fear mór, Is mise sin, is mé an diabhal. 'Bhí fhios agam sin; arsa an buachaill, 'nó tá na cosa atá ort cosamhail le cosa capaill'. An bhfuil eagla ort romham" arsa an diabhal leis. "Níl aon dath" arsa an buachaill leis. "Níl" arsa an buachaill agus léim sé suas ar a dhruim. Fá dheireadh d'fhiafraigh an buachaill de'n diabhal a'rabh sé tursach agus eiseal a leigint anuas da dhruim. Dubhairt an diabhal nach(continues on next page)- Informant
- Seaghan Mac Seaghain
- Gender
- Male
- Age
- 71
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal