School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 293

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 293

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 293
  3. XML “Síscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Siodh-Sceul.
    Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí lánamhain ann fada ó shoin agus bhí siad i n-a gcomhnuidhe i Rath Maoláin i DTír Chonaill. Bhí siad an-bhocht nó ní rabh aon dath le h-ithe aca acht meas na gcrann agus uisce na sruthán. Bhí dhá bhearach aca agus chaithfead siad a ndíol go ndíolad siad an cíos. Ba é an t-aim [!] a bhí ar an lánamhain, Máire agus Peadar. Lá amháin arsa Máire le Peadar, "Tug leat an dá bhearach chun aonaigh agus díol iad nó béidh an tighearna talaimh ag teacht thart roimhe i bhfad." An lá thar ná bhárach d'imthigh Peadar leis an dá bhearach agus ar a bhealach chun aonaigh casadh bean sidhe dó. "Cá mhéad atá tú ag iarraidh ar an dá bhearach sin?", arsa sise. "Cúig phunnta an ceann ortha," arsa Peadar. "Bhal", arsa an bhean sidhe, "muna bhfághaidh tú níos mó na cúig phunnta an ceann ortha ag an aonach béidh mise annseo ag teacht arais duit"
    D'imthigh Peadar agus fhobair gur cuireadh é féin agus an dá bhearach isteach na bearaice bhí sé féin agus iad-san comh gránna sin. Níor thairgeadh dadaidh dó. Phill sé ar an bhaile agus bhí an bhean sidhe ar an bhealach ag feitheamh air. D'innis sé duíthe mar éirigh leis. "Maith go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Language
    Irish
    Informant
    Anna Nic Lochlainn
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall