Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 24

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 24

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 24
  3. XML “Máire Ní Bheirn agus An Fear Rua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ‘sa teach agus amach leithi go toigh na comhursan fuair sí cupla giota aráin ar iasacht, agus thug dó é. D’ith sé a bhfuair sé, agus rith an ama bhí Máire ag iarraidh bleasg a fhághail ar a éadan acht bhí seisean, mar bheadh sé ag iarraidh é a fhálach oirthí.
    D’iarr sé braon uisce le ‘na chosa a nighe annsin. Fhuair sí tuban beag agus chuir sí braon uisce ann dó. Nigh sé a chosa agus nuair a bhí siad nighte thug sí “éadach láimh” dó le iad a thiormughadh. Dubhairt sé, nuair a shín sí an t-éadac chuige, go rabh an t-éadach ró ghlan ag a chosa. Dubhairt sise nach rabh, agus thiormuig sé iad.
    Thug Máire fá deara go rabh droch phéire stocaí air. Ní rabh cinn ar bith ionnta. Bhí siad caithte, pollta, strachthá.
    D’fiafruigh sí dó an ghlacfad sé péire stocaí uaithí agus dubhairt sé go nglacfadh. Thug sí péire maith dó agus chuir sé air iad, agus nuair a bhí sé ag imtheacht thug sé buidheachas dí agus d’fág an sean phéire stocaí ar chlaidhe os coinne an dorais agus chuir cloch ortha.
    D’imthig sé thart beinn an toighe, agus amach agus amach le Máire ina dhiaidh go bhfeiceadh sí caide’n bealach a rachadh sé acht ní rabh amharc le feiceal aicí ar an fhear ruadh, nó ní fhaca duine ar an bhaile é, acht an bheirt a bhí ‘sa teach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Bheirn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    73
    Seoladh
    Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall