Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)
- Suíomh:
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreabach bhocht iná comhnuidhe i Málainnbeag ar bh’ainm dí Nannaí Chriostóir. Bhí muirghin bheag lag aicí nuair a fuair a fear bás, agus bhí an bhean bhocht ar a dicheall ag obair le greim bidh a sholathar dobhtha.
Lá amhain ní rabh greim bidh faoí creataí an toighe agus cuaidh sí amach fhad le fear muintire dí a bhí ‘sa chomursansacht le iasacht leath-choroineach a fhághail, go gceannochadh sí cloch mhine dó na páistibh.
D’erigh sé í, inneoin, go rabh neart airgid aige agus é indhiadh theacht as an Oilean Úr.
Chuaidh Nannaí abhaile agus chuir a cliabh oirthí fhein, agus siud síos ‘na chladaigh leithi a cruinniughadh leathaigh.
Crom sí síos leis an chliabh a líonadh agus an chead slamam leathaigh a thóg sí bhí leath choroin ‘na luighe faoí. Ní rabh sí dadaidh ní ba bhochta ó sin amach. Badh í an bhean ba saidhbre i Málainnbheag í nuair a fuair sí bás, mar bhí adh an tsaidhbhris oirthi ó sin amach.- Faisnéiseoir
- Máire Ní Bheirn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall