Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)
- Suíomh:
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 90](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1046%2FCBES_1046_90.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 90
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhálainn Bheag
- XML Leathanach 90
- XML “An Mhuc Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí go maith agus ní rabh go h-olc bliadhanta ‘a dhiaidh sin bhí bacach ag dul thart agus thainig se lá amhain go toigh an fhir seo. Bhí sé ag cainnt agus ag innse scéil fá na chuid siubhail agus na daoine a casadh air
Bhí mé ar oilean arsa seisean agus is ar an oilean sin a chonnaic mé an dá bhuachaill agus cailín ba deise a chonnaic mé ariamh. Bhí dhá “necklace” óir ar an dá ghasúr agus “necklace” airgid ar an ghiorrsach.
Nuair a fuair an bhean faill ar an bhacach d’iarr sí air dul ‘un oilean seo agus na trí “necklace” a fhághail duithe se agus go dtabharfad sí sparan óir dó.
D’imthig an bacac leis agus níor stad sé go rabh sé ar an oilean. Chuaidh sé ‘na chaislean agus d’iarr lóistín. Mar nach minic a tcidhfeadh siad aon duine ag teacht ‘un oilean thug siad lóistin na h-oidhche dó.
An oidhche sin chuaidh an bacach a luighe acht ma chuaidh fhéin níor chodhlaidh sé. D’fan sé ‘na dúiseacht gur shaoil sé go rabh an cailín agus an dá bhuachaill ‘na gcodhladh. Chuaidh sé go sochair go seomra na mbuachaill agus ghoid an dá necklace, agus nuair a bhí sé ag dul amach as an t-seomra rinne sé tarman agus mhusgail an cailín. As go brathac leis an bhacach agus an dá “necklace” leis. Chuaidh an cailín go seomra na ndearbhrathar agus nuair a d’fosgail sí an doras leig dá phréacan mhor dhubha scread aistú agus amach ar an fhuinneóig leó ar eitóig.
Bá iad an dá dhearbhrathar a bhí ann i riocht dhá phréachan.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire (Seán) Ó Beirn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Seoladh
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall