School: An Charraig (roll number 13946)
- Location:
- An Charraig, Co. Donegal
- Teacher: S. Ó Beirn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Charraig
- XML Page 528
- XML “Scéal - An Bhean Ghlas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)madadh, thochailt. Sheasuigh an madadh ar carnán gainimh, annsin thoisigh an gasúr a thochailt agus phill an madadh 'un a bhaile. Chuaidh sé síos an bealach móir a ba deise a chonnaic sé aríamh. Shiubhail sé leis go dteachaidh sé go dtí teach mór. Bhí an Bean Ghlas inntí agus í ag cur lásaí síoda ar na fuinneógaibh. Tháinig sí anuas agus chuir sí céad míle fáilte roimhe. Dubhairt sí leis go gcaithfeadh sé é a fholach anocht ar eagla go mbuirfeadh an fhathach mór é. Chuir sé ina sheasamh é i gcúl an dorais. Nuair a tháinig an fathach mór isteach, dubhairt sé, "Mothuighim boladh Éireanaigh annseo anocht". Dubhairt sise go rabh buachaill ann d'fhorstuigh sí nuair a bhí sí in Éirinn mar bhí barraidheacht aici le deánamh. Dubhairt seisean léithe gurab í an bhean is amadaigh a chonnaic sé aríamh. An maidín lá ar na bhárach nuair a d'éirigh an fathach, d'iarr sé leis an buachaill go rabh bóitheach amuigh annsin nar cartuigheadh aon phreib amháin le seacht mbliadhain, agus mura mbéadh sé glan aige theacht 'un a bhaile dó-san go gcaillfeadh sé a cheann. D'imthigh an fhathach a sheilg. Chuaidh an buachaill amach, agus nuair a chaitheadh sé aon phreab amach thiocfadh dhá phreab isteach. Nuair a chuaidh an Bhean Glas amach leis a dhinneár, dubhairt sé léithe nach n-íosfadh sé biadh ná deoch no go gcaillfeadh sé a cheann. D'iarr sise teacht chuige a dhinnéara agus tháinig sé ins an deireadh, a fhad is bhí seisean ag ithe a dhinnéara tharraing sí sluasaid bhriste bhearnach amach as faoi a naprún. Thoisigh sí a chartú an(continues on next page)
- Collector
- S. Ó Beirn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Dóchartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 47
- Occupation
- Fear poist
- Address
- An Charraig, Co. Donegal