Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)
- Suíomh:
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: S. Ó Beirn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Charraig
- XML Leathanach 529
- XML “Scéal - An Bhean Ghlas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhóithig, agus nuair a bhí an dinneár ithte ag an gasúr bhí an boitheach cartuighthe aici. D'iarr sí air a bheith ag spaisteóracht thart nuair a thiocfadh an fathach mór 'un a bhaile, agus nuair a d'fhiafróchadh sé, "an rinne tú an gnaithe sin", a rádh go dtearn. Rinne seisean mar h-iarradh air. "Maise," arsa an fathach is tú an buachaill is feárr a casadh orm aríamh. Nuair a d'éirigh an fathach an maidín lá ar na bhárach, d'iarr sé ar an bhuachaill éirghe fosta, agus dubhairt sé leis an buachaill go rabh coill thiar annsin aige nár geárradh aon crann amháin astoigh inntí ar feadh seacht mbliadhna agus mura mbéadh sé leagtha 'un talaimh sul a dtiocfadh seisean, go gcaillfeadh sé a cheann. D'imthigh an fathach, nuair a chuaidh an Bhean Glas amach leis a dhinnear, cha rabh leagtha go dtí an talaimh, ach ná trí crann is lugha sa choill. Tharraing seise annsin tuagh bhriste bhearnach amach as faoi a naprún. Bhuail sé buille thall agus buille i bhfos, nuair a bhí an dinneár ithte ag an gasúr bhí an coilleadh leagtha aici. D'iarr sí air a bheith ag spaisteóracht thart nuair a thiocfadh an fathach 'un a bhaile, agus nuair a d'fhiafróchadh an fathach an dtearn sé an gnaithe a rádh to dtearn. Rinne seisean sin, agus dubhairt an fathach, "Is tú an buachaill is feárr a casadh orm ariamh," d'éirigh an fathach an lá ar na bhárach, agus d'iarr sé ar an bhuachaill éirghe fosta, dubhairt sé leis go rabh sgiobal aige nach dteachaidh acht aon tuighe amháin air le seacht mbliadhnaibh, agus go gcaithfeadh sé tuighe bheith air(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- S. Ó Beirn
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dóchartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall