Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)

Suíomh:
Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Grianna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 428

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 428

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leac Chonaill
  2. XML Leathanach 428
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “Caide seo atá tú a dheánadh anseo, a Thailligh?” arsa an fear beag.
    “Tá mé ag deánadh gárraidh,” arsa Tailligh.
    “Nach rabh go leor áite agat le gárradh a dheánadh, agus gan a dheánadh i mbéal an dorais againne?” arsa an fear beag.
    D’amharc Tailligh ar an fhear bheag tamall -
    “Nach rabh go leor ba ar fud na tíre agaibhse,” arsa Tailligh, “gan mo shean bhó bhocht sa a thabhairt libh, gur fhág sibh mé féin agus mo shean mhathair gan striog bhán le cur ar a' tae. Tá sé ba déag bainne ag an "Eireamhnnach Mhór" thall annsin, agus ní chruithneochadh sé ceann nó beirt, ach níor bhain sibh do, b’fheárr libh an lámh throm a leagan ar an bhaintreabhaigh agus ar an díleachta: ach dhéanfaidh mé seo leat - tabhair mo shean bhó arais díomh agus dheánfaidh mise an garradh in áit inteacht eile.”
    “Seo anois a Thailligh,” arsa an fear beag, “fág an bhó againn, agus bhéirfidh mé rud níos fearr duit ar a son.”
    Chrom sé síos agus thóg sé péire bróinte, agus thug sé do Thailligh iad.
    “Tabhair na bróinte seo abhaile,” ar seisean, “agus fág ar chlár an chiste mhóir iad atá sa tseomra. Ní bhéidh agat ach na bróinte a chasadh agus béidh an ciste lán mine, ach ná h-innis do rún do dhuine ar bith.”
    Thug Tailligh na bróinte 'un tighe leis, agus d’fhág
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín Nic Grianna
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Donall Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Bearnas Uachtarach, Co. Dhún na nGall