Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leac Chonaill
- XML Leathanach 429
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé ar chlár an chiste iad mar d’iarr an fear beag air. Chas sé na brointe mar bheadh sé ag meilt choirce, agus nuair a d’fhosgail sé an ciste agus damharc sé isteach ann, bhí an ciste lán mine.
Thoisigh sé féin agus a mhathair ag díol mine agus ag ceannach eallaigh, agus ba ghairid an t-am go raibh an oiread ba acu féin agus bhí ag an fhear ghallda - ‘an t-Eireamhnach Mór’. Bhíodh a mhathair ag fiafruigh do achan lá cá bhfuair sé na bróinte, ach ní rabh Tailligh sásta tuairisg ar bith a thabhairt dí fá dtaobh dobhtha. Bhíodh stuaic agus dubhrón agus míshásadh ar an mhathair achan uair a bhfuigheadh sí an t-aiteadh, agus fa dheireadh, lá amháin, nuair a chuir sí ceist air d’innis sé an rún dithe. Bhí siad ina suidhe ag teinidh na cistineadh, agus nuair a bhí Tailligh réidh ag innse don mhathair fá na bróinte chualaidh siad torman cosamhail le urchar gunna. Rith siad un tseomra, agus fuair siad na bróinte briste ina spíontogaí beaga, agus ciste na mine fuar follamh. Ba ghoirid go raibh siad chomh bocht agus a bhí siad ariamh. Bhí go maith go dtainigc oidhche Shamhna. Chuaigh Tailligh ag spaisdeoracht síos fa bun na mBeann Buidhe. Ní rabh i bhfad go dtainic sluagh amach as na beanna agus achan fhear acu ag marcuigheacht ar ghearran breagh liath ghorm.
“Ó, seo Tailligh Chaithir,” arsa an ceann phoirt a bhí ar an tsluagh. “Béidh Tailligh linn fosta, an rachaidh tú linn a Thailligh?”
“Caidé mar rachainn bealach ar bith libh?” arsa Tailligh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirín Nic Grianna
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Donall Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bearnas Uachtarach, Co. Dhún na nGall