Scoil: Mín an Bhealaigh (uimhir rolla 15229)
- Suíomh:
- Mín an Bhealaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Niallghuis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear in a chómhnuidhe i Mhín na Coilleidh i bPáraiste Árd a Rátha fa thuairim céad bliadhain ó shoin. Darb ainm Séarlas Ua Gallchobhair. Bhí sé amuigh ga luath maidín amháin ag buachailleacha na mbó ar thaobh an bhealaigh mhóir. Maidín deas the a bhí ann i mí na Bealtaine.
Bhí sgairte caorach ar thaobh an chnuic agus bhí sé ag amharc orra. I bpreabadh na suil thóg na caoirigh uilig a gceann, agus d’imthigh siad le rása. Shaoil seisean ar dtús gur sionnach a bhí ann ach igcionn tamaill chonnaic sé an taírt ag teach ann uas an cnoc. Bhí si cosamhail le fainne mór dubh agus comh mór le roth cairce. Chuaidh se thart le na thaobh agus coidé bhí ann ach eascon mhór agus greinn rubaill aici na beal féin. Chuaidh sí isteach san lich beag atá suidte san bhaile seo fos.
Dfág sí lorg tsanna ar an talamh, lean seisean an lorg seo go barr an chnuic, agus fhad le lich beag eile atá annsin. B'furus a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig S. Mac Niallghuis
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín an Bhealaigh, Co. Dhún na nGall