Scoil: Mín an Bhealaigh (uimhir rolla 15229)
- Suíomh:
- Mín an Bhealaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Niallghuis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Bhealaigh
- XML Leathanach 82
- XML “Bean Sióg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear i Mhín na Coilleadh fad ó shoin darbh ainm Searlas Ua Gallchobhair. Lá amháin i ndeireadh an Fhógmhair bhí sé amuigh ag bainc féir agus bhí a bhean istigh san tigh ag sníomh. Bhí an tráthnóna ann, agus bhí sí na suidhe ag an fhuinneoig agus í ag abair ar a dícheall nuair bhuail duine éigin ar an doras. Tar isteach; arsa sise. Fos gladh an dorus agus cé tháinig isteach ach bean bheag aorta. Chuir bean a’ tighe fáilte roimpi, agus diarr uirre suidhe tamall.
Dubhairt an bhean bheag nach raibh faill aici suidhe. Go raibh deifre uirre. An féidir leim rud ar bith a deánamh duit arsa bean a toighe. Tá mearcan ime de dúghbhail orm ars an bhean bheag ina tú a leithead le spárail agat. Tá cuideachta le bheith agam anocht agus níl mo shaích ime agam. Níl airgead ar bith agam le tabhairt duith fa – na – coinne, ach ní bhéidh tú dadadh níor meara da dtabairfeidh tú damh í.
Ní raibh ag an bhean ach giota amháin ime, acht glac sí truagh do’n mnaoi bhoithe, agus thug sí díthe an t-im.
Thug an bhean bheag buaidheachas díthe, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Éamonn Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín an Bhealaigh, Co. Dhún na nGall