Scoil: Mín an Bhealaigh (uimhir rolla 15229)
- Suíomh:
- Mín an Bhealaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Niallghuis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tamall maith ó shoin san pharáiste seo bhí fear darb ainm Pádraig Ua Breislin. Bhí sé na táilliúir agus ba ghnáthach leis bhí ag obair go mall san oidhche go minic.
Oidhche amháin bhí sé ag obair agus é na shuidhe ar an table ag an fhuinneog, nuair chualaidh seo gleo áit eigin amuigh. Amach leis agus caidé fuair sé ach madadh ruadh istig i gcró na gcearc. Thunn tuigh sé isteach arís agus fuair sé pluidh chuaidh sé amach agus caic sé an plúid ar an madadh ruadh. Fuair sé greim air agus chuir sé isteach i mbarraille é. Chuir sé clár ar an bharaille agus an maidin lá thar na bhárach thug sé an madadh ruadh do tighearna talaimh a bhí na chomhnuidhe in Árd a’Rátha san am.
D’imthigh seisean leis go Conndae na Midhe an lá indhiaidh sin. Bhí móran daoine cruinnighte annsin le seilg a béith aca agus leig siad amach an madadh ruadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brian Ó Cinnéide
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall