Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá do na laetha agus uair de na h-uaire da rabh na Fianna i n-Éirinn tháinig siad a sheilg go Gleann Fada na Sealg. Tháinig an oidhche ortha ag Loch Finne agus thionntuigh siad síos bealach Ghleann Leichín. Chonnaic siad solas agus tharraing siad air. Bhí teach beag fód annseo agus fear darbh ainm Leichín a mhac Feardhomhán agus a inghean Finngheal ‘na gcomhnuidhe annseo. Chuir siad fáilte mhór roimhe na Fianna acht ní rabh biadh ar bith le tabhairt dobhtha acht dubhairt Leichín go gcuirfeadh sé a mhac leobhtha ag éirghe gréine fhad leis an áit a rabh tarbh fiadhain. Ag bodharanacht an lae d’imthigh na Fianna agus an Feardhomhán ar lorg an tairbh. Tháinig siad fhad le carraic mhór sa deireadh agus d’aithin siad go rabh an tarbh comhgrach nó mhothuigh siad é ag buairfidh. Leig an Feardhomhán fead-ghlaic agus tháinig an tarbh ag rachaidh. Nuair a chonnaic Goll seo chuaidh sé i bhfolach acht ní dheachnidh an Feardhomhán nó bhí sé na shaighdiúr mhaith. Léim sé ar dhroim an tairbh agus leag sé é. Annsin tháinig Goll a chuideadh agus idir an bheirt aca mharbhuigh siad é. D’fheann siad annsin é agus d’iomchar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Róis Éilís Ní Chába
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Faisnéiseoir
- Bríghid Nic Daibhid
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall