Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá lios ar an Éadan Fionnfach dar b'ainm de lios Chailleoige. Inse (an Dhomhnach 8adh béaltaine) chuaidh mé fein agus mo comraidí ag amharc air. Shiubhal mid linn agus chuaidh mid suas an chnoc. Tá an lios bordaibh ceathradh míle o'n bhealach mhór an Éadan. Tá an bhealach seo ag teacht aniar ó na Gleanntaí fríd a Gleann Mhór. Tá sé bordaidh cuig mhíle ón bhaile mhór. Nuair a shroich mid an lios chonnaic mid claidhe árd thart fa dtaobh de. Tá aiteanna a fás thart fa dtaobh de chuid de. Tá an claide cruinn agus tá cuid de árd Tá ált taobh suas de a's tá sceach agus crainn eile ag fás thart air. Tá iomraca istigh ann agus tá scratha bainnce ann. Tá sé bordaidh dhachad slat san ait is linne é. Deirtear go bhfuil sé ar amharc lios eile atá i gCill Róighinn acht ní fhacaí mid inne é.
- Bailitheoir
- Dómhnall Ua Ludhóg
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall