Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mín-a-Duine.
Is é seo an dóig a bhfuair Mín-a-Duine a ainm. I bhfad o shoin ní rabh duine ar bith na gcómhnuidhe ann ach fear amháin agus tá mín mhór shuas i gcúl na dtoigheach.
Léim-a-Charrfiadh.
Tá áit shíos ag an abhainn taobh shíos dé thoig s’againne agus i bhfad ó shoin nuair a bí charrfiadh ar an nEachla teigheadh siad trasna ar an áit seo san abhainn ag gabháil go dtí an Duibhleargan agus fosta bí acha le léimint ann.
Teach na síodeogaí.
Tá carraig mhór shuas ar cnoc s’againne, agus tá sé deánta cosamhail le teach agus deirtear go bfuil sideogaí n gcómhnuidhe ann.
An Brochaid.
Seo áit atá ar cnoc na h-Eachla agus tá an-rud de bhrocaidh deánta ag bruic ann.
Druim-cian-loch.
Tá druim deas cruinn agus tá sé tíontaidhe chun loch mhór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máighread Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Bhraonáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann