Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 10
- XML “Tobar i Srath na gCapóg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Leagan eile ar sgéal An Tobair i Sráth na gCapóg atá ann.
Maighréad Nic Mheanmom , Fliuch Mhín(páiste sgoile, 14 bl.) a fuair ó na h-athair é. Micheál Mac Meanmon is ainm dó, (timcheall 60 bliadhna d'aois) agus chuala sé an sgéal ó n-a athair sa GHlaise, áit a rugadh agus a tóigheadh an bheirt aca. Chaith siad seal gearr iin Albain ag baint an Fhoghmhair.27-7-34Bhí cailleach agus seanduine in a gcomhnuidhe thíos i Sráth na gCapóg. Bhí siad pósta agus ní raibh teaghlach ar bith ariamh ann. Ins an deireadh bhí dhá mhac ann. Chuaidh na fear amach agus bhí dhá shearrach óg ag an chapall, bhí dhá éan ag an seabhach agus bhí dhá choileán ag an chú. Bhí na buachaillí ag dul thart go raibh siad mór agus iad ag nighe iad fhéin ag an tobar gach lá.
Lá amháin rinne an fear ruadh acu amach go n-imthigheadh sé ag saothrughadh a phortáin. D'imthigh sé agus d'innis do'n fhear eile dhá dtigeadh rud ar bith air go dtiocfadh íochtar meala agus uachtar fola ar an tobar a bhí ag an teach. Ghread sé leis go dtí go raibh neoin agus deireadh an lae ann. Thárla isteach i dteach é. Bhí cailleach mhór ins an teach agus d'iarr sé lóistín uirri. Thug sí do é. Tharraing sí trí ribe gruaige as a ceann agus d'iarr sí air a cú, an seabhach, agus an capall (a bhí leis) a cheangailt leo. Rinne sí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máighread Nic Mheanmon
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Liuchmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Meanmon
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- An Liuchmhín, Co. Dhún na nGall