Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 67](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1050%2FCBES_1050_67.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 67
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 67
- XML “Oíche Fhéile Bríde”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)inntí agus páganách a ba a h-athair.
Bhí Bríghdhe ag tabhairt do na bocht i gcomhnuidhe agus crósadh uirthí é nó bhí a h-athair agus a mathair ag eirghe bocht. Bhí sí lá amháin ag dul amach ar an dorus agus mín coirce léithe in a naprún nuair casadh a h-athair uirthí agus d'fhiafruigh sé díthe caidé a bhí leithe, dubhairt sí gur luachair glas agus nuair a d'amharc sí luachair glas a bhí aicí agus sin an t-adhbhar a ndeantar na crósa ó shoín.
Theagas Bríghdhe an creideamh fíór agus is í Muire na h-Éireann. Má tá Bríghdhe sa teach sí is gnath an luachair a thabhairt isteach atá le crósa a dhéanamh dí. Gnidh gach duine cros no níos mó agus cuirtear crós in airde in gach cró da bhfuil fan teach.
Deirtear gur ar an chead lá de Fheabhra a fuair sí bas agus is gnath a cuid crós a chuir suas ar an dara lá. "Lá na gcoinnil no Féile na Maighdean Mhuire.
Tá Bríghdhe curtha i nDún Pádruig sa n-uaigh le Colm agus Padruig.Micheal Mac Daid do sgríobh a fuair é ó na athair Liam Mac Daíd Mean an Arbhar, Beal an Atha Mhóir, Leithbhearr.- Bailitheoir
- Mícheal Mac Daid
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Arbhair, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Líam Mac Daid
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Arbhair, Co. Dhún na nGall