Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)

Suíomh:
An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Coilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 210

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 210

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mullanmore
  2. XML Leathanach 210
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán

    Ar an Chró Cam i ríribh bhí againn an t-iontas mhór

    Ar an Chró Cam i riribh bhí againn an t-iontas mór
    boc agus reithe mór aosta bhí againn aríst ar bórd
    An chead sracadh thug mise síos bhris mé sgian na dhó
    agus d'fhiosruigh mé do ghalaí go h-íseal c'ar b'aois do'n bhocaidí˜ ghabhair.
    (II)
    Trí bliadhna fa Chró na gCearc Fraoich dhá bheathú le cíb a bhí cruaidh
    Is gur síos ag bearnas na gaoithe a cuireadh boc maol 'un s??
    (III)
    D'éirigh mé fhéin aniar agus sgairt mé ar dhream an bhfeáis
    Measgaidh le ceannacht ar chairde ba chuma liom fhéin acht faghail.
    (IV)
    D'éirigh an gála láidir is chuaidh sé dá rádh liom suas
    Mur mbéidhinn mo thost go dtín lá go ndéanfadh armhach cruaidh
    (V)
    B'fhurast damh aithne sa rádh nach rabh mo chairde liom
    Nuair a fuair tú ceud sin a rádh liom ó b'annamh leat ma fághail sa abhainn
    Dá bhfeicinn sé thusa suas i n-uachtar Dhún na nGall
    Chuirfinn an tóir anuas ort isteach faoi bhruach na mbeann.
    (VI)
    D'éirigh an gála gus meabhtha agus leag siad an gháir sa ghleann
    Go rabh mór fiche ar a n-áireamh bhí thall ar an ardán orainn.
    Ó Áine Nic Dhiarmada, (83 bl.) Cor-na-Griallach, Na Gleanntaí a fuarthas an t-amhrán seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Anna Nic Dhiarmada
    Inscne
    Baineann
    Aois
    83
    Seoladh
    Corr na nGriollach, Co. Dhún na nGall