Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)

Suíomh:
An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Coilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 225

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 225

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mullanmore
  2. XML Leathanach 225
  3. XML “Scéal - Mar a Fuair Bealach na gCreach A hAinm”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an t-eadach. Nuair a tháinig sé abhaile leis bheir an Donnan ar. Chauidh sé amach ar an doras leis agus ní bhualfa do dhá bhois ar a chéile go dtáinig sé isteach agus culaigh nua éadaigh leis. D'imthigh Aodh Ó Baoghaill, an Donnan agus fir na h-áite i ndiaidh an chreach. Nuair a bhí siad ag teacht aniar Cill Rioghain dubhairt an Donnan go ndearna sé dearmad agus go gcaithfeadh sé pilleadh. D'iarr sé ar na fir eile siubhal ar aghaidh agus nach mbéadh seisean i bhfad a fhaghail suas leo. Ní rabh píosa ar bith siúbhalta aca go bhfuair an Donnan suas leo. Shín siad annsin ag rathaidh i ndiaidh a chreach. Fuair siad suas leobhtha ag dul suas bealach na gCreach. D'fhiafruigh an Donnan de Aodh Ó Baoghaill ce aca a b'fhearr an chreach a bhaint amach le buille sláite na le buille claidheamhthach. "Creidim gur b'fhearr iad a bhaint amach gan buaileadh ar bith" arsa Aodh Ó Baoghaill. Léim an Donnan amach fuair sé greim adhairce ar an bhó i lár an bhealaigh mhóir agus dubhairt sé "Te te a bhó mhóir go dtí an gamhain" Thionntuigh sé deireadh thart ag tarraingt ar a bhaile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Bealach na gCruach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    An tArd Donn, Co. Dhún na nGall