School: Mullanmore (roll number 1734)
- Location:
- An Mullán Mór, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Coilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mullanmore
- XML Page 229
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí tailliúr i dteach lá amháin agus bhí sé ag déanamh culaith éadaigh. Thánaigh bean bheag ruadh isteach agus dubhairt sí leis an táilliúr. "Tá ceird fhórstunac agath agus tá céird mí-fhórstanach agath agus tá do fhort eadar dó dhá láimh da dtugtha aire dó." D'imthigh sí amach aríst agus ní fhaca sé níos mó í.Thánaigh bean sídhe isteach go teach i mbárr an ghleanna seo. Fá Bhealtaine a bhí ann agus d'iarr sí iasacht pigín mine go mbeadh a cuid fhéin déanta. Thug bean an toighe an pigín mine dithe agus bhí sí an bhuidheach.
Fá chionn míosa thánaigh sí aríst agus an mhin leithe agus dubhairt sí. " Na bíodh eagla ar bith araibh roimhe an mhin sin no sin an grainín mullaigh de arbhar Chrachain" D'imthigh sí annsin agus ní fhaca siad an bhean níos mó.Thánaigh madadh ruadh isteach go teach follamh lá amháin agus bhí na cearca ar an arbh. "Tá sibh ag déanamh mhur sgríste" arsa'n madadh ruadh " agus thánaigh mise isteach go ndéanfainn fhéin mo sgríste. "Thosaigh sé fhéin agus an coileach ag cómhradh agus é ag inse dón choileach agus do na cearca go rabh siothchán(continues on next page)- Informant
- Anna Nic Dhiarmada
- Gender
- Female
- Age
- 83
- Address
- Corr na nGriollach, Co. Donegal