Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Éadan Anfaidh
- XML Leathanach 394
- XML “Mághnus Ó Maolagáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na creataí; chuaidh Mághnus a mharcaidheacht ar an mhaide mullaigh.
"Siúd thuas an bhrídeóg," ars na daoine beaga: "tá sinne gabhail a tabhairt linn anocht."
"Cé hí an cailín atá na suidhe le na taoibh," ars Mághnus?
"Ó! sin a deirbhshiúr," ars siadsan, "agus is bréagh an cailín í fosta."
"Deánaigidh í sin a fhuadach damhsa," ars Mághnus, "tá mé ag fágailt go dtaitneochadh a gnúis le mo mhathair."
Thainic cuil ar na sídheógaí agus ars an ceann-phort: "Nach sinne a bhéadh neamh-ghnoitheach ar an Mhín Mhóir da dtigeadh sinn aníos annseo a ghoid mná duitse? An ag deánamh a bheithfea go gcuirfeadh muid oidhche nó cailín bréagh san dul amugha i mhaithe le stríleamán de Chlainn Uí Mhaolagáin. Thainic muid annseo ar lorg na brídeóige agus caithfidh muid freasdal a dheánamh agus gan a cailleadh. Ar ball beag rachaidh sí a shrófaigh agus muna n-abraidh a'n nduine "Dia 's Muire leat" léithe, is linne í. Bean dúinn fhéin atá muid a chuartugadh, a Mhághnuis Uí Mhaolagáin agus chan ceann díotsa."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann