Scoil: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (uimhir rolla 10165)
- Suíomh:
- Na Gleannta, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: An tSr. M. Deuglán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tigeann cliú agus cáil an oileáin naomtha seo anuas chugainn ó aimsir Chonail Chaol a mhair ar an oileán agus a thug a ainm dó. Tá ballóga a chille agus a thoighe pobail le feiceál go fóill agus téigheann na ceadtaí gach blian leis an turas a dheanamh ar an oiléan beannuighthe seo ar a bhfuil Naomh Conal curtha taoibh le na chara oirdhearc Dallán Naomhtha.Ní féidir a rádh go cinnte ca huair a rugadh Conal Caol. Fuair sé bás tuairm 596. Luaidhthear a ainm i gcomhnuidhe ag tagairt dón Cáin Domhnaighe a cuireadh i bhfeidhm i nÉirinn ag cur cosc le obair an Domhnaigh. Deirtear gur bh’É Dia, É féin a sgríobh an reacht seo s’na Flaithis gur fhag sé é ar altóir Pheadair Naomhtha sa Roimh agus gur Naomh Conáil a thug go hÉirinn é, agus é ag teacht abhaile ó thuras san chathair naomhtha.Cé bith ar dtuairm ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Úna Ní Mhaoláin
- Inscne
- Baineann