Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Róis Ní Bhraonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1052, Leathanach 126

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1052, Leathanach 126

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 126
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Am amháin bhí beirt fhear beo ar an bhaile cheadhna darbh b'ainm Seon agus Rucard. Fear beag a bhí in na Rucard acht bhí sé an-mhiotalach agus in na an-oibrighe.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    dósan fán bocsa a bhí aige a rabh na saighdúirí ann agus d’iarr air malairt a dhéanamh. Rinneadh an mhalairt agus bhog Seon leis arais. Nuair a bhí sé ag tarraingt comhgarach ar Leithbearr casadh fear eile air agus é ag tarraing sean mhála salach in na dhiaidh. Chuir Seon ceist air caidé an úsaid a bhí sa t-sean mála, agus d’innis sé dó rud ar bith a chasaidh ort a chuirfeadh eagla ort ní rabh agat lé rád acht “Come into My Bag” agus bhí sé istoigh sa mhála. Arsa Seon “bhéarfaidh mise mála óir duith ar a son”. “Maith go leor” arsa an fear agus fuair Seon an sean mála. Shiubhal sé leis annsin agus nuair a bhí sé ag dul treasna Droichead Leithbhearr léim an diabhall amach roimhe agus an chuma a bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Faisnéiseoir
    Proinnseas Ó Braonáin
    Inscne
    Fireann