Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal - Ór i bhfolachAm amháin bhí fear ann agus sé an cheird a bhí aige ag cruinniú cíosa. Bhí sé síos ins na Rosaibh san am seo agus nuair a bhí sé ag gabhail na baile tháinig sé thart an bealach seo, agus chaill sé an t-airgead. Ór a bhí ann.Bhí fear ina cónaí i nDoire Leach Connaill agus fuair sé an t-ór. Ní dhearn sé caint ar bith fá dtaobh dó ní nach ionadh. Cúpla seachtain i ndiaidh sin bhí aonach i Leitir Ceanainn agus ó tharla go raibh an t-airgead ag an fhear seo chuaigh sé chun aonaigh le capall a ceannach. Cheannaigh sé an capall agus ansin chuaigh sé isteach go siopa biocáilte le braon a ól. Chaith sé amach píosa den ór. D'amharc fear an tsiopa air, arsa seisean, "Cá bhfuair tusa an píosa óir sin", smaoinigh an fear ar féin,agus a deir sé, "Cheannaigh fear capall uaim agus thug sé sin dom air" "Gabh amach" arsa fear an tsiopa "agus an fear sin domsa".Chuaigh sé amach ag ligint ar féin go raibh sé ag gabháil a thabhairt isteach an fhear. Ach nuair a fuair(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Theachláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Mac Riada
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 90
- Seoladh
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Dhún na nGall