Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I bfad o shoin bhí cuid mór pisréogaí ag na daoine fá mí na Bealtaine seo cuid acu.Bá gnáthach leis na cailíní gábhail isteach i sgiobáil mór agus min bhuidhe no plúr a thabhairt leobhtha agus é a cráthadh thart uilig ar an urlár. Gheobhadh siad silide annsin agus dfágadh siad é istoigh i lár báire an sgiobóil agus annsin nuair a ráchadh siad amach ar maidin bhéadh ainm an fear sgríobhta a bhéadh pósta uirthí.Bheireadh geirrseach eighinteacht léithí cúchóg snáth go dtí aithe agus chaitheadh sí an snáth síos san aithe agus beireadh sí greim ar a bárr agus thosnuigheadh sí ag tochairt léithí go mbéadh deireadh curtha aicí, annsin bhéadh duine eighintheacht thíos ag bréith greim ar bhárr na snáitheArsa an cailín " Cé sin thíos ar bhárr na snáithe " Dfreagradh sé " Má théidhim-sa suas béidh fhios agat é.3) Chrochadh na daoine crúth asal no capall o's cionn dorais an bhóithigh leis na písreogaí agus an droch ádh a coinnealt ar shiubhail uatha.4) Maidin la Bealtaine sul a ráchadh an teallach amach sháitheadh siad crann mór cuilleann san cairn aoiligh " Crann Bealtaine "ma deir siad(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Conaill Mac Cormaic
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 90