Scoil: Dooey (uimhir rolla 15657)
- Suíomh:
- An Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Mac Amhlaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dooey
- XML Leathanach 173
- XML “Comharthaí na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Nuair a bhíonn an ghrian dearg ag dul síos sin comhartha go bhfuil aimsear mhaith ag teacht.
2. Nuair a bhíonn tuair-ceatha ins an spéir sin comhartha go bhfuil fearthainn ag teacht.
3.Nuair a bhíonn an cat na shuidhe i-naice na teineadh bíonn gaoth mhór ag teacht.
4. Cé bith bealach a bhíos an ghaoth ag séiseadh oidhche Shamhna sin an bhealach a bhéas sí ag séideadh ar feadh na bliadhna.
5. Nuair a bhíonn mórán preachan thart fa'n áit sin comhartha go bhfuil sé ag dul a chur fearthainne.
6. Nuair a bhíonn an ghaoth adthuaidh bíonn an aimsear iongantach tirim.
7. Nuair a bhíonn mórán torman ag an fhairrge bíonn droch-aimsear ag teacht.
8. Nuair a bhíonn an chorr-mhónadh fá ná bachtaí bíonn fearthann ag teacht.
9. Nuair a bhíonn an cat ag sgríobhadh bíonn gaoth mhór ag teacht.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Raithnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Mheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Raithnigh, Co. Dhún na nGall