Scoil: Dooey (uimhir rolla 15657)
- Suíomh:
- An Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Mac Amhlaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dooey
- XML Leathanach 181
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé ag déanamh poitín ar an Chruach Mhór agus an t-ainm a bhí air Pádraig O Craimhse. Bhí fir ann fad o shoin a ba ghnáthach dhul thart ag amharc fá choinne na daoine a dheanfaidh an phoitín agus bheirfeadh siad iad ar shi”
Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé ag déanamh poitín ar an Chruach Mhór agus an t-aimn a bhí air Pádraig O Craimhse. Bhí fir ann fad o shoin a ba ghnáthach dhul thart ag amharc fá choinne na daoine a dheanfaidh an phoitín agus bheirfeadh siad iad ar shuibhal leo agus mharbhocaidh siad iad. An t-ainm a bhí ar na daoine seo Reimhine.
Lá amháin nuair a bhí Pádraig ag nighe a cuid lámha ag gabhail a dhéanamh an poitín réadh. Nuair a d'amharc sé thart bhí an ceann urra a bhí ar na Reimhine a teacht fad leis. Scairt sé le Pádraig. "Mise no tusa le uirlisí an phoitín an fhághail" "Mise" arsa Pádrig. Thug siad iarraidh ar uirlisí an phoitín acht bhí an bhuaidh le Pádraig.
Fuair sé greim ar na potaí agus chaith ar a dhruim(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Chanáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Doire an Locha, Co. Dhún na nGall