Scoil: Dooey (uimhir rolla 15657)
- Suíomh:
- An Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Mac Amhlaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dooey
- XML Leathanach 215
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí bean ann uair amháin agus bhí sí iongantach bocht. Bhí sí ó teach go teach agus bhí páiste amháin aice.”
Bhí bean ann uair amháín agus bhí sí iongantach bocht. Bhí sí ó teach go teach agus bhí páiste amháin aice. Oidhche amháin tháinig sí isteach go teach agus choinigh na daoine go maidín í. Nuair a bhí an bhean na codhladh fuair na daoine a bhí san teach an pháiste agus chuir siad iteach i mbocsa é agus caith amach san fhairrge é. Shnamh an bocsa leis go dtí go dtháinig sé go dtí an taobh eile. Bhí fear annsin agus chonnaic sé an bhocsa agus d'fhan sé go dtháinig sé isteach. Thug sé leis é go dtí an teach agus nuair a d'fhosgail sé é chonnaic sé an phaiste.
Choinnigh an fear go dtí gur éirigh sé mór. Oidhche Shamhna amháin d'iarr an fear ar na trí gasraidhe a dhul amach agus cé bith a iarrfadh siad an oidhche sin go bhfuighfeadh siad é. Bhí dhá mac ag an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Raithnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Ruaidhrí
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Raithnigh, Co. Dhún na nGall