Scoil: Leitir Mhic an Bhaird (Robertson) (uimhir rolla 15283)
- Suíomh:
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Nábla Nic Amhlaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mhic an Bhaird (Robertson)
- XML Leathanach 301
- XML “Scéal - Gasraí Mhachaire Chlochair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gasraí Mhachaire Chlochair. Fad ó shoin bhí sean bhean in-a comhnuidhe thíos i ngaoth-dobhair. Ins a h-óige chaith sí an chuid is mo de na h-am ar an choigchric agus ar an ádhbhar sin bhí dornán airgid aici. Bhí cupla fáinne ar a méara fosta. Sa deireadh bhuail an bás í agus ba é an athchuinge dheireannach a d'iarr sí na fáinní a chur leithi 'na cille agus cuireadh. An oidhche indiaidh a cur chuala beirt ghasúr as Machaire a Chlochair fá na fáinní agus rinne siad amach a ghabhail na roillige agus na fáinní a bhaint de'n mharbhánach agus iad a dhíol. Ar siubhal leo agus bhain an roillig amach agus thóg an corp. Bhain siad na fáinní d'ithe agus mar a' gceadna braithlinigh gheal a bhí thart ar a corp. Chuir siad an corp araist agus suidhe i gcoirnéal na roillige. "Nár bhreágh an rud molt de chuid bhun-a leaca" arsa fear aca. "Ba bhreágh" arsa an fear eile. Rachaidh mise fá na choinne agus fan thusa annseo. D'imthigh duine aca fa choinne an Mhuilt agus shuidh an duine eile i gcoirnéal na roillige agus na braitlinigh fá dtaobh dó.
Bhí sean-sagart creapalta in-a chomhnuidhe ag taoibh na roillige agus bhí sean-chapall bán aige agus bhíodh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nábla Nic Amhlaidhé
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Rabhartaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín Doire na Slua, Co. Dhún na nGall