Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 105
- XML “Aodh Bán agus Séamus Crón”
- XML “Baintreach Ghleann Domhain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aon iomradh ortha ón lá sin go dtí an lá indiú.
Nodlaig 1935 - Searlas Ó Searcaigh, Leitir Catha, Clochan Liath, Tírchonaill a d'innis an scéal seo. Fuair sé bás anuraidh. Go ndeánaidh Dia A mhaith air.Baintreabhach Ghleann DomhainBhí baintreabhach ann aon uair amháin a bhí na comhnuidhe i nGleann Domhain. Bhí triúr mac aici. Maidin amháin d'iarr an mac a ba sine ar a mháthair éirghe agus tuirtín a dheánamh do no go rabh sé ag imeacht. D'éirigh sí agus rinne sí an tuirtín do, agus nuair a bhí sé deánta aicí thug sí do é. Chuir sí ceist air, cé aca a bh'fearr leis an tuirtín go h-iomlán agus a mallacht no a leath agus a beannacht. Dubhairt sé go rabh an t-iomlán beag go leor aige, agus d'imthigh sé. Mhair a mháthair ag mallachtaigh leis go dteachaidh sé amach as amharc.
Bhí go maith agus ní rabh go holc, shiubhail sé leis go dtainig sé fhad le tobar a bhí ar bharr cnuic. Bhí madadh beag ribeach ruadh 'na shuidhe ag an tobar. Bhí iochtar meala agus uachtar fola ar an tobar. D'iarr an madadh comhair agus cuid ar an ghasúr. Dubhairt an gasúr go rabh sé beag go leor aige fhéin. Shiubhail an gasúr leis agus ní(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Searlas Ó Searchaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Catha, Co. Dhún na nGall