School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 105
- XML “Aodh Bán agus Séamus Crón”
- XML “Baintreach Ghleann Domhain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aon iomradh ortha ón lá sin go dtí an lá indiú.
Nodlaig 1935 - Searlas Ó Searcaigh, Leitir Catha, Clochan Liath, Tírchonaill a d'innis an scéal seo. Fuair sé bás anuraidh. Go ndeánaidh Dia A mhaith air.Baintreabhach Ghleann DomhainBhí baintreabhach ann aon uair amháin a bhí na comhnuidhe i nGleann Domhain. Bhí triúr mac aici. Maidin amháin d'iarr an mac a ba sine ar a mháthair éirghe agus tuirtín a dheánamh do no go rabh sé ag imeacht. D'éirigh sí agus rinne sí an tuirtín do, agus nuair a bhí sé deánta aicí thug sí do é. Chuir sí ceist air, cé aca a bh'fearr leis an tuirtín go h-iomlán agus a mallacht no a leath agus a beannacht. Dubhairt sé go rabh an t-iomlán beag go leor aige, agus d'imthigh sé. Mhair a mháthair ag mallachtaigh leis go dteachaidh sé amach as amharc.
Bhí go maith agus ní rabh go holc, shiubhail sé leis go dtainig sé fhad le tobar a bhí ar bharr cnuic. Bhí madadh beag ribeach ruadh 'na shuidhe ag an tobar. Bhí iochtar meala agus uachtar fola ar an tobar. D'iarr an madadh comhair agus cuid ar an ghasúr. Dubhairt an gasúr go rabh sé beag go leor aige fhéin. Shiubhail an gasúr leis agus ní(continues on next page)- Informant
- Searlas Ó Searchaigh
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Catha, Co. Donegal