Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)theachaidh sé i bhfad gur casadh maighistear do. D'fhastóid sé leis go cionn lae agus bliadhna. Ba é an margadh a rinne siad an chead duine a mbeadh fearg air go mbainfidhe léab de'n chluas agus léab de'n bhoilg dó.
An chead obair a tugadh do'n ghasúr a ghabhail a bhualadh coirce i sgiobol mhór. Bhuail an gasúr rith an lae agus ní bhfuair sé aon ghréim le h-ithe. Ag am luighe thainig fear an toighe fad leis agus dubhairt, "an bhfuil fearg ort"? "Caidé bhéadh orm gan fearg a bhéith orm," arsa an gasúr.
"Gaibh síos ar do leath-ghlún go mbainfidh mé do díoltanas asat." Chuaidh, agus baineadh léab de'n chluais agus do'n bolg do, agus cuireadh arais chuig na mháthair go Gleann Domhain é.
An lá indiaidh an chead ghasúr dul 'na bhaile d'iarr an dara mac ar a mháthair éirghe agus tuirtín a deánamh do go rabh sé ag imtheacht fosta. D'éirigh sí agus rinne sí an tuirtín do. Nuair a bhí sé deánta aicí chuir sí ceist air cé aca a b'fearr leis an tuirtín go h-iomlán agus a mallacht no a leath agus a beannacht. Dubhairt sé go rabh an t-iomlán beag go leor aige agus d'imthigh sé. Mhair a mháthair ag mallachtaigh leis go dteachaidh sé as amharc. Shiubhail sé go dtainig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Searlas Ó Searchaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Catha, Co. Dhún na nGall