School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)theachaidh sé i bhfad gur casadh maighistear do. D'fhastóid sé leis go cionn lae agus bliadhna. Ba é an margadh a rinne siad an chead duine a mbeadh fearg air go mbainfidhe léab de'n chluas agus léab de'n bhoilg dó.
An chead obair a tugadh do'n ghasúr a ghabhail a bhualadh coirce i sgiobol mhór. Bhuail an gasúr rith an lae agus ní bhfuair sé aon ghréim le h-ithe. Ag am luighe thainig fear an toighe fad leis agus dubhairt, "an bhfuil fearg ort"? "Caidé bhéadh orm gan fearg a bhéith orm," arsa an gasúr.
"Gaibh síos ar do leath-ghlún go mbainfidh mé do díoltanas asat." Chuaidh, agus baineadh léab de'n chluais agus do'n bolg do, agus cuireadh arais chuig na mháthair go Gleann Domhain é.
An lá indiaidh an chead ghasúr dul 'na bhaile d'iarr an dara mac ar a mháthair éirghe agus tuirtín a deánamh do go rabh sé ag imtheacht fosta. D'éirigh sí agus rinne sí an tuirtín do. Nuair a bhí sé deánta aicí chuir sí ceist air cé aca a b'fearr leis an tuirtín go h-iomlán agus a mallacht no a leath agus a beannacht. Dubhairt sé go rabh an t-iomlán beag go leor aige agus d'imthigh sé. Mhair a mháthair ag mallachtaigh leis go dteachaidh sé as amharc. Shiubhail sé go dtainig(continues on next page)- Informant
- Searlas Ó Searchaigh
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Catha, Co. Donegal