Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 23
- XML “Na Trí Duaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé leis arais agus níor bhfada go dtainig sé go dtí caisleán a bhí ar bhruach locha. D'iarr sé obair ar an rí agus tugadh obair do. Fear deas óg pléisiúrtha a bhí san rí.Lá amháin, nuair a bhí sé amuigh sa ghárradh chuaidh sé a amharc ar phioctúir bheag de chuid a dheirbhshiúire a bhí aige. Chonnaic an rí é agus chuir sé ceist air cé a bhí ins an phioctúir. Chuaidh an gasúr bocht a chaoineadh arais ag rádh gurbh' í a dheirbhshiúr a bhí ann.D'amharc an rí uirthi agus chonnaiceas do gurbh'é an pioctúir é ba fhíor-dheise da bhfacaidh sé ariamh. D'iarr sé ar an ghasúr sgríobhadh fa na coinne comh trugh géar agus thiocfadh leis, agus sgríobh an gasúr. Fuair an leas-mháthair an litir ach níor thaisbean sí do'n díleachta bocht ar chor ar bith í. Ghléas sí í fhéin go luath maidin lá thar na bhárach agus thug léithi a ingean fhéin le cois an díleachta. Chuaidh sí ar bórd luinge leobhtha agus nuair a bhí sí amuigh giota maith san fharraige chaith sí an díleachta thar bórd agus chaith trí siléoga 'na dhiaidh.Nuair a chuaidh an cailín bocht san uisge thionntuigh sí 'na lach fhiadhain. Nuair a shroich an leas-mháthair agus an ingean teach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Anna Bean Mhic Amhalaidh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall