School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 22
- XML “Na Trí Duaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nuair a théid sí a gháiride go dtuitfidh easconnaí nimhe ó n-a béal.Is maith liomsa nuair a théid sí a chaoineadh" arsa an dara fear go dtuitfidh frugannai as na súile aicí."Is maith liomsa," arsa'n tríomhadh fear, "nuair a chuireann sí a lámha in uisge go líonfaidh sé lán de shilidí nimhe.""Go raibh seo uilig amhlaidh" arsa'n sean-duine, agus bhí.Nuair a chonnaic an leas-mháthair seo bhí sí i bhfad níos measa do na díleachtaí anois. Ba ghnáthach léithi iad a bhualadh go h-olc. Níor bh'féidir leis an ghasúr cur suas leis an droch-úsaid seo ní ba mhó, agus d'imthigh sé leis i mbéal a chinn.Chuaidh sé go h-uaigh a mháthara agus a athara agus dubhairt cupla paidir. Le sin mhothuigh sé rud éigin in a phóca. Chuir sé isteach a lámh ann agus tharraing sé amach piochtúir a dheirbhshiúrach. Ní fhacaidh sé ariamh annsin roimhe é agus chuir sé iongantas air é a fheiceail anois.Bhí na rósaí le feiceáil go soiléir le cois na bpearlaí agus an éisg óir. Chaoin an gasúr tamall eile anois comhair a bheith go raibh a chroidhe gabhail a bhriseadh. D'imthigh(continues on next page)
- Informant
- Anna Bean Mhic Amhalaidh
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall