Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 56
- XML “An Madadh Dubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nóra, bean Uí Dhuirnín, a d'innis an scéal seo. Tá sí ina comhnuidhe I gCró Bheithe, Clochán Liath, Tír Chonaill. Tá sí anois 60 bliaidhain d’aois agus bean feirmeóra atá inntí. Ruagadh í ar an Tulaigh, fá thuairim 3 mhíle taobh thoir den Chlochán Liath, agus is ar an Tulaigh a chaith sí a saoghal gur pósadh í. Chualaidh sí an scéal seo ag n-a máthair, a bhí ina comhnuidhe ar an Tulaigh nuair a bhí sí ina giorrsaigh.An Madadh DubhBhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí rígh i nÉirinn agus bhí triúr ingheanach aige. Chuaidh siad amach oidhche Shamhna a d’iarraidh athchunge. D’iarr an bhean a bá sine Cócaire duine uasail le pósadh, agus d’iarr an dara bean Garrantóir a fhaghail le pósadh. D’iarr siad ar an mhnaoí óiga h-athchuinge a iarraidh, agus deánamh pisréog. Bhuail siad í agus tharraing siad an ghruag d’a ceann.
“Mo chreach nach bhfuil mé ar shiubhal uaibh,” arsa sise, “muna dtabharfadh acht madadh dubh leis mé.” Leis sin sgiord madadh dubh isteach eadar a dhá cois agus d’imthigh sé agus í leis ar a dhruim-amach ar an fhairrge, go dtí an t-oileán ghlan órdamhail í. Bhí bórd bídh i lár an toighe, agus gach uile chineál da dtiocfadh le duine a ithe air. Shuidh sí ag an teinidh agus cuma bhrónach uirthí.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Uí Dhuirnín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall