School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Niall Mac Suibhne
![The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 55](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1055%2FCBES_1055_55.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 55
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 55
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí sean-dall i bhfad o shoin agus bhí a fhios aige gur a chuid ua féin a chuirfeadh 'un báis é.”
(continued from previous page)bhí amhlaidh. Chuaidh siad fhas leis an tsean-chailligh arais agus d’iarr sis ear thighearna an bhaile damhsa mór a chur suas, a ingean a chur isteach ‘un tseomra agus go bhfeachfadh an gadaidhe dhul isteach cuicí agus í marc dubh a chur air ar chlár a éadain sa doigh go n-aithneochaidhe é.
Chruinigh lucht an bhaile isteach chuig an damhsa agus d’ól siad agus cheoil siad agus bhí siad go súgach. Thuit siad uilig ina gcodladh ach an gadaidhe. Chuaidh seisean isteach chuig ingean an tighearna agus cuir sise an marc dubh ar a éadán. Ach nuair a thainic sé amach agus chonnaic sé sa scathán an marc dubh a bhí air ní thearn sé ach marc a chur ar gach fear dá raibh ina codladh agus an tighearna ina gcuideachta. Nuair a mhúscail siad agus chonnaic siad gur buaileadh bob ortha bhí siad ag íthe na méar doibh fhéin le tréan mioshásta.
Chonnaic an tighearna nar bhféidir dóibh teacht I dtír ar an ghadaidhe agus dubhairt sé o tharla é comh cliste agus bhí go dtabhairfeadh sé a ingean do le pósadh le cois an méid saidhbhris a bhí aige. Pósadh é fhéin agus ingean an tighearna agus bhí saoghal bréagh aca o sin amach.
Márta 1935- Informant
- Seán Ó Dubhgain
- Gender
- Male
- Occupation
- Pinsinéir