Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 76](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1055%2FCBES_1055_76.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 76
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 76
- XML “Iníon Rí na Fraince”
- XML “Ceathrar Mac Rí na hÉireann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ingean an ríogh go mí-ionraice, fuair an t-Albanach an íoc céadhna. Ina dhiaidh sin rinneadh bainis a mhair seacht noidhche agus seacht lá eile agus pósadh an t-Éireannach agus inghean an ríogh.
Samhain 1936 - Ceathrar mac Ríogh na hÉireann
Bhí rí i nÉirinn uair amháin agus bhí ceathrar mac aige. Ní raibh a dhath le deánamh ag na mic ach ag dul thart ach a’n lá a’ cathadh airgid go dtí go raibh an chuid is mó d’a cuid airgid a n-áthara caithte aca.
Dubhairt an fear a ba sine gur cheart dóbhtha imtheacht agus fiachail leis an airgead a chaith siad a dheánamh suas arais. Bhí siad uilig sásta seo a dheánamh agus d’imthigh an triúr aca.
Ní theachaidh siad i bhfad no go dtainic siad fhad le ceithre chrois-bhealach. Shuidh siad annseo seal tamaill a dheánamh a scriste(scíthiste) agus a bhreathnughadh uatha. Labhair an fear a ba sine leis an fear a b’óige agus ar seisean leis “gaibh thusa an bealach sin.” D’iarr sé ar an tríomhadh fear a dhul bealach eile; “gaibh thusa an bealach sin,” ar seisean leis an dara fear, “agus rachaidh mé fhéin an bealach deireannach.” “Anois,” ar seisean le n-a chuid dearbhatharach caithfidhmid a castal ar a chéile annseo i gcionn lae agus bliadhna, agus na deánadh fear ar bith agaibh fastódh mara bhfághaidh sibh fiche punt agus(leanann ar an chéad leathanach eile)