Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 76
- XML “Iníon Rí na Fraince”
- XML “Ceathrar Mac Rí na hÉireann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Ceathrar mac Ríogh na hÉireann
Bhí rí i nÉirinn uair amháin agus bhí ceathrar mac aige. Ní raibh a dhath le deánamh ag na mic ach ag dul thart ach a’n lá a’ cathadh airgid go dtí go raibh an chuid is mó d’a cuid airgid a n-áthara caithte aca.
Dubhairt an fear a ba sine gur cheart dóbhtha imtheacht agus fiachail leis an airgead a chaith siad a dheánamh suas arais. Bhí siad uilig sásta seo a dheánamh agus d’imthigh an triúr aca.
Ní theachaidh siad i bhfad no go dtainic siad fhad le ceithre chrois-bhealach. Shuidh siad annseo seal tamaill a dheánamh a scriste(scíthiste) agus a bhreathnughadh uatha. Labhair an fear a ba sine leis an fear a b’óige agus ar seisean leis “gaibh thusa an bealach sin.” D’iarr sé ar an tríomhadh fear a dhul bealach eile; “gaibh thusa an bealach sin,” ar seisean leis an dara fear, “agus rachaidh mé fhéin an bealach deireannach.” “Anois,” ar seisean le n-a chuid dearbhatharach caithfidhmid a castal ar a chéile annseo i gcionn lae agus bliadhna, agus na deánadh fear ar bith agaibh fastódh mara bhfághaidh sibh fiche punt agus(leanann ar an chéad leathanach eile)