Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a lámh isteach faoi n-a ascaill agus reath sé suas a’ crann. Sháith sé an lámh a ba teodha isteach faoi’n fheannóig agus thug amach ubh na circe agus níor chorruigh an fheannaigh ón néid. “Tchídhim,” arsa’n t-athair, go bhfuil bhur bpostaí go maith uilig agaibh
Bhí siad a’ gabhail thart gach lá annsin ar feadh fada go leor go dtí lá amháin dubhairt fear a’ fis gur ghoid Fathach a’ Domhain Thoir ingean Ríogh an Domhain Thoir. Dubhairt an fear a ba sine gur ceart daobhtha fiachail le í a baint do. “Goidé mar thig linn in a dheánamh?” arsa ‘n chuid eile.
“Ní bhéidh mise i bhfad a’ fhághail gléis díbh,” arsa ‘n fear a ba sine.
D’imthigh an ceathrar leo a’ tarraingt ar an fhairrge. Nuair a thainic siad go dtí an fhairrge d’iarr an saor-adhmaid ortha cuidiú leis giotaí beaga adhmaid a chruinnú. Nuair a bhí an t-adhmad cruinnighithe aca tarraing an saor-adhmaid casúr amach as a phóca agus bhuail sé buille thall agus buille i bhfus ar an adhmad agus chaith sé an soitheach amach ar an fhairrge fa n-a racht seoil a ba deise a chonnaic aon duine ariamh. Chuaidh an ceathrar ar bórd agus d’imthigh siad a’ tharraingt ar a’ Domhan Thoir.
Fa chionn cupla lá thainic siad i dtír sa Domhan Thoir. “Anois,” arsa ‘n fear a raibh an fios aige leis a’ gaduidhe seo do áit-sa a theacht anois agus amharc goidé thug leat a dheánamh: tá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Paidí Ac Cumhaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Bun an Bhaic, Co. Dhún na nGall