School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 83

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 83

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 83
  3. XML “Ceathrar Mac Rí na hÉireann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a lámh isteach faoi n-a ascaill agus reath sé suas a’ crann. Sháith sé an lámh a ba teodha isteach faoi’n fheannóig agus thug amach ubh na circe agus níor chorruigh an fheannaigh ón néid. “Tchídhim,” arsa’n t-athair, go bhfuil bhur bpostaí go maith uilig agaibh
    Bhí siad a’ gabhail thart gach lá annsin ar feadh fada go leor go dtí lá amháin dubhairt fear a’ fis gur ghoid Fathach a’ Domhain Thoir ingean Ríogh an Domhain Thoir. Dubhairt an fear a ba sine gur ceart daobhtha fiachail le í a baint do. “Goidé mar thig linn in a dheánamh?” arsa ‘n chuid eile.
    “Ní bhéidh mise i bhfad a’ fhághail gléis díbh,” arsa ‘n fear a ba sine.
    D’imthigh an ceathrar leo a’ tarraingt ar an fhairrge. Nuair a thainic siad go dtí an fhairrge d’iarr an saor-adhmaid ortha cuidiú leis giotaí beaga adhmaid a chruinnú. Nuair a bhí an t-adhmad cruinnighithe aca tarraing an saor-adhmaid casúr amach as a phóca agus bhuail sé buille thall agus buille i bhfus ar an adhmad agus chaith sé an soitheach amach ar an fhairrge fa n-a racht seoil a ba deise a chonnaic aon duine ariamh. Chuaidh an ceathrar ar bórd agus d’imthigh siad a’ tharraingt ar a’ Domhan Thoir.
    Fa chionn cupla lá thainic siad i dtír sa Domhan Thoir. “Anois,” arsa ‘n fear a raibh an fios aige leis a’ gaduidhe seo do áit-sa a theacht anois agus amharc goidé thug leat a dheánamh: tá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0653: The Four Skillful Brothers
    Language
    Irish
    Informant
    Paidí Ac Cumhaill
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Bun an Bhaic, Co. Donegal