Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 225
- XML “Iolar agus Aingeal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Iolar agus Aingeal
Bhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí bean agus fear ann aon uair amháin agus bhí siad ina gcomhnuidhe i dteach leobhtha fhéin. Gach maidin le teacht an lae théideadh an fear a sheilg i ngleann a bhí thíos uatha. Lá amháin chuaidh sé síos an gleann mar ba ghnathach leis.
Chonnaic sé nead iolair shuas go h-ard. Chonnaic sé tóirt bheag dhearg innti agus bhí a fhios aige gur leanbh a bhí ann. Suas leis agus thug sé anuas an leanbh. Thug sé leis ‘un an bhaile é. bhí ingean aige fhéin agus bhí sí an-deas. D’fhás an leanbh aníos go raibh sé ina shócach. Aingeal a bhí ar an chailín agus dar leobhtha go dtabhairfeadh siad Iolar ar an stócach.
Bhí eagla ar an tsean-bhean go dtabhairfeadh Iolar Aingeal ar shiubhal leis. Oidhche amháin rinne sí dhá ghloine punch daobhtha. Chuir sí nimh i gceann Iolair agus thug sí do é. (Ach thug sí do é) thug Aingeal ar Iolar an punch a chathadh isteach ins an teinidh. Rinne Iolar mar h-iarradh air. Thug Aingeal leath a cinn fhéin do. Maidin lá thar na bhárach thug sí dhá ubhla daobhtha. Chuir sí nimh i gceann Iolair, ach thug Aingeal air a ubhla a chur isteach faoi’n leabhaidh. Thug sise leath a chinn fhéin do.
Lá amháin eile rinne sí dhá bhuilbhín daobhtha. Thug Aingeal ar Iolar a cheann fhéin a chathadh ar shiubhal, agus thug sí leath a cinn fhéin do. Bhí a fhios ag Aingeal go gcuirfidhe Iolar as bealach agus oidhche amháin rinne sí trí thuirtín(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cruach Phádraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall