Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhí sí a chur ins an chomhnair. Oidhche amháin chuaidh duine aca agus dubhairt sé go dtógfadh sé an corp agus d’iarr sé ar an fhear eile molt a ghoid agus go mbeadh doigh bhreagh ortha go deo. Chuaidh seisean agus thóg sé an corp agus fuair sé na cnódhanna.
Shuidh sé agus chuaidh sé a mbriseadh. Bhí gasúr ar fastódh i dteach a bhí comhgarach den rolic agus bhí sé amuigh agus reath sé isteach agus arsa seisean. “Tá diabhal iochtar Ifrinn ag ithe cnamha an tsean-duine a cuireadh tá cúpla lá o shoin!”
Bhí sean-duine ins an chlúdaigh a bhí creapalta le fiche bliadhan.
Fáigh mo bhata agus iomchar mé amach agus cuirfidh mé ar shiubhal é” arsa seisean.
Rinne an gasúr mar h-iarradh air. Chonnaic an gaduidhe an gasúr agus an seanduine leis ar a dhruim agus é ag tarraingt air. Shíl sé gurb é an gaduidhe eile a bhí ag teacht agus an molt leis.
“An bhfuil sé reamhar” arsa seisean.
Sgannruigh an gasúr agus leig sé síos an seanduine. Reath an bheirt aca agus an seanduine a bhí creapalta le fiche bliadhain bhí sé ins an teach roimhe an gasúr.
Brígid Ní Dhubhgáin, Cró Bheithe, Clochán Liath, Dún na nGall.
Sgealaidhe: Domhnall O Domhnaill, Tulaigh, Clochán Liath. 75 bl.- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall